Achoimre
Coiméide éadrom faoi fhear a bhí tugtha do scéal a bhí chomh fada fadálach sin nach bhfanadh aon duine lena chríoch. I dtosach bíonn gach saghas leithscéil ag an bhfoireann mhór pearsan gan éisteacht le fear a inste, Liam; faoi deireadh, agus cluas biorach le héisteacht orthu, tagann an fear lena mbaineann an scéal i láthair agus tugann faoi ghabháil ar Liam lena bhata. Ní inseofar an scéal grinn go deo.