Notice: There are currently gaps in the database affecting plays from mid 2023, 2024 and mid 2025 due to a technical issue. We are working to resolve this as quickly as possible and appreciate your patience in the meantime.

Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Beartas Príobháide

Ba cheart do chuairteoirí a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin a bheith ar an eolas go bhfuil dhá leibhéal eolais a d’fhéadfaí a choimeád mar gheall ar do chuairt. An chéad leibhéal ná eolas staitistiúil agus eolas anailíseach a bhailítear ar bhonn comhiomlán i dtaobh gach brabhsálaí a úsáideann an suíomh, agus an dara leibhéal is ea eolas pearsanta nó sonrach a bhailítear i dtaobh cuairteoirí ar leith a thugann an t-eolas sin dúinn go toiliúil.

Bailítear an t-eolas staitistiúil agus anailíseach trí oibriú caighdeánach ár bhfreastalaithe idirlín agus ó logleabhair agus ó “fhianáin”. De ghnáth oibríonn fianáin trí uimhir ar leith a shannadh do gach cuairteoir. Ba cheart do chuairteoirí a bheith ar an eolas nach bhfuil smacht ag Institiúid Téatair na hÉireann ar úsáid fianán ná ar an úsáid a bhaineann tríú páirtithe, ar nós lucht fógraíochta nó páirtithe a óstálann sonraí thar ceann ITÉ, as an eolas a fhaightear uathu. Slí shimplí amháin ar féidir cosc a chur le fianáin ná dul chuig an áis a fhaightear ar fhormhór na mbrabhsálaithe gréasáin, a chumasaíonn don úsáideoir fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú. Meabhraítear do chuairteoirí, áfach, go bhféadfadh fianáin áirithe a bheith riachtanach chun eolas a sholáthar do chustaiméirí ar shlí shaincheaptha.

Ar fud an tsuímh ghréasáin seo beidh deis agat eolas mar gheall ort féin a chur chugainn, más mian leat, ar na leathanaigh ‘Déan teagmháil linn’ agus in áiteanna eile mar ar féidir leat ríomhphoist a sheoladh chugainn, bróisiúr a lorg, dul isteach i gcomórtas nó freagra a thabhairt ar aon tionscnamh eile. Beidh roinnt eolais phearsanta á chur ar fáil agat dúinn má thoilíonn tú a bheith rannpháirteach in aon cheann díobh sin. Ní úsáidfidh Institiúid Téatair na hÉireann an t-eolas sin ach amháin:

(a) chun na críocha dár sholáthair tú é;

(b) chun críocha fíorúcháin agus anailís staitistiúil;

chun sonraí a sholáthar duit i dtaobh táirgí, seirbhísí, comórtais nó tionscnaimh arna soláthar nó arna n-eagrú ag Institiúid Téatair na hÉireann nó ag aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara nó ag aon tríú pháirtí a roghnóimis agus ar dóigh linn go gcuirfeá spéis ann, ach amháin má thug tú le fios roimh ré nach mian leat an t-eolas sin a fháil.

Má chuireann tú sonraí cárta creidmheasa ar fáil dúinn, ní úsáidfear iad ach amháin chun clárú nó ceannach a chur i gcrích. Ní stóráiltear sonraí aon chárta creidmheasa ar an suíomh gréasáin nó ag Institiúid Téatair na hÉireann.

pascol4d slot gacor hari ini link slot situs gacor slot gacor situs slot slot gacor toto slot slot gacor malam ini slot resmi toto 4D toto link slot situs gacor slot gacor slotvip login slot online slot88 judi bola RATU89 RUSIA777 PENTASLOT toto228 slot88 BUNGASLOT slot online slot gampang menang slot maxwin link gacor link slot gacor slot online slot88 link slot StreamEast