MÁIRE NÍ SHÍOTHCHÁIN
-
Bhí sí gníomhach sa Cluicheoirí, buíon drámaíochta de chuid Chonradh na Gaeilge ag tús an fichiú haois. Bhí sí i measc na ndaoine ar nós Piaras Béaslaí agus Muiris Ó Catháin a bhreathnaigh ar an téatar mar ghné ealaíne ar leith is a thuig nach dtiocfadh forbairt ar an drámaíocht mar chuid inmheánach imeallach d’imeachtaí Chonradh na Gaeilge. Rinne sí aistriúchán ar "Birthright" le T C Murray agus léiríodh é san Irish Theatre Sráid Hardwicke i 1916.