MICK LALLY
1945
- 2010
As Tuar Mhic Éadaigh, Co Mhaigh Eo do Mhick Lally agus ba mhúinteoir é sular ndeachaigh sé le haisteoireacht go gairmiúil. Bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Druid agus d'oibrigh sé mar aisteoir le Field Day, Taibhdhearc na Gaillimhe, i scannáin éagsúla agus ar an teilifís. Bhain sé cáil náisiúnta amach sa sobalchlár 'Glenroe' le RTÉ.