Seán McCarthy
John B. Keane
Ceantar Ladhar a’ Chrompáin, Co. Chiarraí i rith na 1940í.
Níor aimsíodh clár don léiriú seo, mar sin tá bearnaí san eolas faoi fhoireann agus faoi phearsana an dráma.
Athchóiriú stáitse é seo ar leabhar John B Keane a chuireann síos ar imeachtaí Dhan Pheaidí Aindí as Ladhar a’ Chrompáin. Chomh maith le bheith ina fhear cleamhnais bhí halla rince ag Dan freisin agus rinne an chléir tréaniarracht ar an halla céanna a dhúnadh. Deirtear faoi Dhan Pheaidí Aindí gur thug sé ceithre chéad lánúin le chéile agus gan ach lánúin amháin ina measc míshásta. Cé go bhfuil an-ghreann ag baint leis an dráma seo tá an cumha ann freisin mar go raibh an eitinn ag réabadh tríd an tír ag an am.
Athchóiriú/Aistriúchán
Dráma Fada
Glacann gach aisteoir páirt Dhan Pheaidí Aindí ag amanna éagsúla agus is iadsan a dhéanann na fuaimeanna stáitse freisin.
02 December 1980
Produced by Complacht an Damer
Abbey Theatre/Amharclann na Mainistreach
Ar stáitse na Péacóige a léiríodh an drama seo.
Bhí athchóiriú á dhéanamh ar Halla an Damer ag an tráth seo.
Fuarthas an t-eolas seo ó ghearrthóga nuachta.