Achoimre
Tá Mícheál, mac le Máire, ar iarraidh le naoi lá agus tá sí cinnte go bhfuil sé báite. Tá sí á chaoineadh ar feadh an ama ach ar deireadh titeann sí ina codladh traochta. Tagann a hiníon Nóra isteach go ciúin sa chistin le beart éadaí a thug sagart óg di. Éadaí iad seo a tógadh ó chorp a fuarthas báite i bhfad ó bhaile ó thuaidh. Táthar ag súil go mbeidh Máire agus a hiníonacha in ann a rá an le Micheál na héadaí nó nach ea.