Achoimre
Tagann Páidí Joe anuas crann na Beatha, é neamhurchóideach saonta. Scaoilfidh Beitsín rúin an tsaoil leis, agus múinfidh dó bealaí an tsaoil. Tá Abhainn na Lasrach ann mar theorainn idir an saol seo agus an saol eile ... ar fearr fanacht nó an fiú iarracht a dhéanamh ar an abhainn a thrasnú? Tá an phágántacht, an foréigean, an gnéas agus an siombalachas go láidir tríd síos.