Loading, please wait...
Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn
Risteárd Ó Broin
San Éigipt
Seo í an cúigiú geamaireacht déag atá scríofa ag Risteárd Ó Broin do Thaibhdhearc na Gaillimhe. Máire Stafford a d’aistrigh na hamhráin go Gaeilge, amhráin arb iad ABBA agus cumadóirí nach iad a scríobh na bunleaganacha.
Scéal ar mhúnla Indiana Jones atá sa gheamaireacht seo: téann an Dr Stanley agus Ollie go dtí an Éigipt ag cuardach thuamba an Bhanfharó Hatchetsoup – seanchailleach oilbhéasach chontúirteach. Tá an tÁrd Draoí Kino agus a leathbhádóir Ali Flicknife ag iarraidh stop a chur le Stanley agus Ollie, agus an tuamba agus na seoda atá i bhfolach ann a aimsiú dóibh féin. Mar is dual do scéal ar bith a bhfuil mumaí ann, tá mallacht i gceist, mallacht a thitfidh ar aon duine a theagmhóidh le taisí an Bhanfharó Hatchetsoup.
Geamaireacht
Dráma Fada
11
10
Tá amhránaithe, damhsóirí agus slua de mhuintir na hÉigipte mar chuid den fhoireann chomh maith.
26 Samhain 2008
Léirithe ag An Taibhdhearc
Black Box Theatre
De bharr tine sa Taibhdhearc i mí na Samhna 2007, b'éigean an dráma seo a léiriú sa Dubhlann.
Gan Aimsiú
Gach Limistéar
Cearta Uilig
An Taibhdhearc
19 An tSráid Láir /19 Middle StreetGalway City / Cathair na GaillimheCo. GalwayÉire
+353 (0)91 562 024
eolas@antaibhdhearc.com
antaibhdhearc.com
Fuarthas an t-eolas seo ón gclár don chéad léiriú.
839 Drámaí | Irish Playography, Irish Theatre Institute, 17 Eustace Street, Temple Bar, Dublin 2 T +353 (0)1 670 4906 | E info@irishtheatreinstitute.ie W www.irishtheatreinstitute.ie (c) Irish Theatre Institute 2022 Admin
Irish Theatre Institute Oifig Chláraithe: 17 Eustace Street, Temple Bar, Dublin 2, D02 F293 Guthán: +353 1 670 4906
Uimhir Chlárúcháin na Carthanachta: CHY 20847 Uimhir Chláraithe an Chompántais: 338199 Uimhir CBL : IE6358199D