FORBHREATHNÚ
-
Drámadóir
Tadhg Ó Tuama
-
Athchóirithe/ Aistrithe ó
Eugene O'Neill
Suíomh
I dteach an Chaptaen Bartlett, ar bhruach na farraige ar Chósta Thiar Mheiriceá.
Achoimre
Scéal faoi long bháite, óirchiste agus crá intinne. Tagann athair Nat Bartlett ar ais tar éis turas tubaisteach farraige, áit ar bádh an bád ar a raibh sé. Tá scéal mór aige faoi óirchiste a chur sé i bhfolach ar oileán i lár na farraige agus caitheann sé an chuid eile dá shaol ag pleanáil cén chaoi le teacht ar an óirchiste arís. Tá a mhac cráite le rámhaillí an tseanfhir, go dtí gur léir go bhfuil an chinniúint chéanna i ndán dó féin.
-
Cinéal Dráma
Athchóiriú/Aistriúchán
Líon na Míreanna
Aon-ghníomh
-
Méid na Fóirne ( Fireann)
10
-
Méid na Fóirne (Baineann)
1
EOLAS FAOI CHEARTA
Níl aon eolas ar fáil. Scrúdaigh taighdeoirí ITÉ an iontráil dráma seo go cúramach agus ní bhfuarthas aon eolas eile ina thaobh. Má tá eolas eile agat ar an iontráil seo, ar mhiste leat é a chur chugainn?
FOINSE EOLAIS
Fuarthas an t-eolas seo ón gclár don chéad léiriú agus ó Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970 le P Ó Siadhail