FORBHREATHNÚ
-
Drámadóir
Aodh Mac Dhubháin
-
Athchóirithe/ Aistrithe ó
Alexander Ostrovsky
Nótaí Faoin Údar
Aistrithe ó 'The Storm'(1859)
Suíomh
An Rúis (1856)
Achoimre
Léiriú é an dráma seo ar an mbarbarthacht, an éadulaingt agus an bprimitíbheachas a bhain le saol na Rúise i lár na naoú haoise déag. Bhí drochíde á déanamh ar na hoibrithe, bhí caitheamh anuas ar aon dul chun cinn sóisialta agus b'fhórsa an-fhrithghníomhach é an reiligiún. Ina leithéid de shaol, is beag an dóchas i gcroí Katerina, príomhcharachtar an dráma. Tá sí an-mhíshásta ina saol pósta agus titeann sí i ngrá le fear óg saibhir, ach bíonn droch-thoradh dá bharr.
-
Cinéal Dráma
Athchóiriú/Aistriúchán
Líon na Míreanna
Dráma Fada
-
Méid na Fóirne ( Fireann)
8
-
Méid na Fóirne (Baineann)
7
SCRIPTEANNA NEAMHFHOILSITHE
EOLAS FAOI CHEARTA
Níl aon eolas ar fáil. Scrúdaigh taighdeoirí ITÉ an iontráil dráma seo go cúramach agus ní bhfuarthas aon eolas eile ina thaobh. Má tá eolas eile agat ar an iontráil seo, ar mhiste leat é a chur chugainn?
FOINSE EOLAIS
Fuarthas an t-eolas seo ón gclár don chéad léiriú agus ó leabhar Lennox Robinson, Ireland's Abbey Theatre: A History 1899-1951.