Playography is currently undergoing an essential rebuild, technical update and maintenance. All updates are on hold until the rebuild is complete. We are continuing to work hard in the background and are still accepting submissions which will be complete in Autumn 2023. For more information visit ITI's website.

DAOINE

PÁDHRAIG Ó GIOLLAGÁIN

1937 -

Is scríbhneoir, drámadóir agus taighdeoir é Pádhraig Ó Giollagáin. Tá cuid mhaith ábhar scríofa aige do pháistí, mar aon le drámaí raidió agus scriptscríbhneoireacht don teilifís. Léiríodh drámaí Gaeilge leis in Amharclann na Péacóige, sa Damer, sa Taibhdhearc agus thar lear i bPáras agus i mBostún. Tá míreanna scríofa aige don teilifís le haghaidh 'Ros na Rún', 'Glenroe' agus 'The Riordans'. . Tá duaiseanna Oireachtais bainte amach aige agus PhD sa Chumarsáid (Páistí agus Teilifís)bronnta air ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.