DIARMUID DE FAOITE
1967
-
Tá aithne ar Dhiarmuid de Faoite mar aisteoir, mar scríbhneoir agus mar stiúrthóir, go háirithe lena shaothar i nGaeilge ar an stáitse agus ar an teilifís. Bronnadh an duais Stewart Parker agus Duais Aitheantais an Oireachtais air dá dhráma 'Pádraic Ó Conaire', agus in éindí le Paul Brennan agus Lara Campbell bhuaigh sé duais an Best Production don athchóiriú ar Paris Texas in 2003. Ar an obair is déanaí atá déanta aige tá 'The Lieutenant of Inishmore' don Town Hall Theatre/Cork Opera House, 'Mamó Gé' don Taibhdhearc agus 'The Fairgreen Slaughterhouse' do POC (duais Best Production, Project '06, duais An Aisteoir is Fearr 2007). Craoladh dráma faisnéise leis, 'Pádraic Ó Conaire-An Fear' do Seanchas Productions 2007. Tá páirt aige sa scannán 'Kings' a fuair ainmniúchán le haghaidh duais Oscar.
BAINISTEOIR NA CAMCHUAIRTE