MARTIN DEMPSEY
-
Sna daichidí bhí Máirtín Ó Díomsaigh an-ghníomhach in Aisteoirí Chéitinn. Is mó an cháil atá air mar aisteoir thar rud ar bith eile ach scríobh sé roinnt drámaí agus geamaireachtaí, go háirithe sna caogaidí nuair a bhí sé ina léiritheoir le hAisteoirí Chéitinn agus iad i mbun drámaíochta sa Damer.