DARACH MAC CON IOMAIRE
-
Rinne Darach Mac Con Iomaire aisteoireacht leis an Taibhdhearc, le hAmharclann de hÍde agus le compántais eile. Bhí páirteanna éagsúla aige i ndrámaí teilifíse freisin ar TG4. Tá cáil ar leith bainte amach aige mar stiúrthóir agus léiritheoir leis an Taibhdhearc. Bronnadh Gradam BBC/Stuart Parker air sa bhliain 2005. Tá athchóiriú déanta aige ar a lán drámaí, go háirithe le linn a thréimhse sa Taibhdhearc.