Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn
Bunaíodh An Damer faoi choimirce Ghael Linn i 1955 agus bhí amharclann buan acu i Halla an Damer ar 112 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath. Ar feadh na mblianta, bhí ról lárnach ag an Damer i saol sóisialta lucht na cathrach. Chothaigh sé lucht leanúna dílis don amharclannaíocht Ghaeilge trí mheán 'An Chlub Drámaíochta'. D'eascair nua-scríobhneoireacht as agus bhíodh scríbhneoirí mar Eoghan Ó Tuairisc, Breandán Ó Beacháin agus Mairéad Ní Ghráda ag scríobh don Damer. Amharclann amaitéarach a bhí ann go bunúsach cé go raibh stiúrthóirí ghairmiúla mar Phroinnsias Mac Diarmada agus Tomás Mac Anna fostaithe ann. Mhair an Damer faoi choimirce Ghael Linn go 1976. Tugadh faoi chompántas iomlán phroifisiúnta a chruthú ina áit agus mhair an t-iarracht sin trí bliana ó 1978 go 1981.
An Damer,Baile Átha Cliath
Premiered 15 May 2004
Irish Playography, Irish Theatre Institute, 17 Eustace Street, Temple Bar, Dublin 2 T +353 (0)1 670 4906 | E info@irishtheatreinstitute.ie W www.irishtheatreinstitute.ie (c) Irish Theatre Institute 2026