Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn
I gcathair na Gaillimhe a bunaíodh an compántas Na Fánaithe i 1987. Mar chuid den obair a rinne siad dhírigh siad ar dhaltaí sna coláistí samhraidh agus d’fhreastail suas le 3,000 dalta ar an gcéad dráma a léirigh siad 'Clog' agus ar na ceardlanna a d’eagraigh siad. Thaistil siad ar fud na hÉireann lena gcuid drámaí agus d’eagraigh siad cúrsa drámaíochta leanúnach i gConamara a raibh an-tóir air. Ba iad Diarmuid de Faoite, Marina Ní Dhubháin agus Trevor Ó Clochartaigh is mó a bhí taobh thiar de Na Fánaithe. Níl an compántas ag feidhmiú a thuilleadh.
Premiered 30 Apr 2014
Irish Playography, Irish Theatre Institute, 17 Eustace Street, Temple Bar, Dublin 2 T +353 (0)1 670 4906 | E info@irishtheatreinstitute.ie W www.irishtheatreinstitute.ie (c) Irish Theatre Institute 2026