Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn
Sinéad de Valera
An t-am: An lá atá inniu ann (1930idí) An Áit: Aon áit in Éireann
Nuair a chailltear an bhaintreach Máire Bean Uí Mhurchadha, tagann beirt neachtanna santacha, ardnósacha lena fir céile abhaile ón iasacht agus iad cíocrach chun airgead na seanmhná a thógáil dóibh féin. Níl an bheirt leithleasacha seo ag súil leis an gcoinníoll atá leagtha amach dóibh san uacht, áfach: ní bhfaighidh ceachtar acu pingin ón eastáit mura dtéann siad amach ag damhsa sa sráidbhaile agus iad gléasta mar mhná tuaithe. Cúis náire í seo don bheirt neachtanna agus fógraíonn siad go h-ard nach bhfuil siad sásta a leithéid a dhéanamh. An lá dár gcionn, áfach -- Féile na Bealtaine, mar a tharlaíonn sé -- amach leis an mbeirt acu agus feisteas tuaithe orthu, ag damhsa agus ag argóint agus ag titim ar fud na háite. An coinníoll comhlánaithe acu, faigheann siad amach go tobann nach iad a gheobhaidh saibhreas Uí Mhurchadha in aon chor: tá an scéal tagtha gur iníon í Nóra Ní Néill, dílleachta óg ó chontae an Chláir, le deartháir caillte na baintrí. Ainmnítear Nóra mar fhíor-oidhre ar shaibhreas Uí Mhurchadha agus fágtar an bheirt col ceathar ina gceap magaidh.
Drámaí Ginearálta
Dráma Fada
6
Roinnt mioncarachtar eile: páistí agus cailíní scoile
16 January 1937
Abbey Theatre/Amharclann na Mainistreach
Léiríodh an dráma seo ar stáitse na Péacóige.
Cluichidhe Gaedhilge do'n aos óg/ Sinéad De Valera
1936
M H Gill and Son Ltd
Republic of Ireland
May Day: A Play for School Children
1954
All Territories
All Rights
Gill and Macmillian
Hume AvenuePark WestDublin 12Republic of Ireland
www.gillmacmillan.ie
Fuarthas an t-eolas seo ón leabhar 'Stair Dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970' le Pádraig Ó Siadhail agus ón leagan foilsithe den script.
Irish Playography, Irish Theatre Institute, 17 Eustace Street, Temple Bar, Dublin 2 T +353 (0)1 670 4906 | E info@irishtheatreinstitute.ie W www.irishtheatreinstitute.ie (c) Irish Theatre Institute 2026