Achoimre
Tá bean óg, Nuala Barrett, faoi thriail agus dúnmharú Donie Ó hEadhra curtha ina leith.
Baintreach fir is ea Donie, an boc mór ar an mbaile in iarthar na hÉireann, agus nuair a bogann Nuala isteach leis cothaítear éad agus béadán sa cheantar. Beartaíonn siad saoire a chaitheamh i mBarcelona na Spáinne, ach ní thagann Donie slán as. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sé tar éis lámh a chur ina bhás féin, ach táid ann a cheapann go bhfuil casadh eile sa scéal.