Achoimre
Fiche bliain ó shin, cuireadh Peadar i bpríosún as ionsaí a dhéanamh ar a sheanchara Seán de Búrca agus suim airgid a ghoid uaidh. Cailleadh an Búrcach dá dheasca. Tá Peadar neamhchiontach, áfach, cé gur thángthas ar an airgead goidte air go luath i ndiaidh an ionsaithe. Lá amháin casann Peadar le priosúnach óg atá ar tí a phianbreith a chríochnú, an priosún a fhágáil agus a chailín a phósadh. Agus iad ag comhrá lena chéile, tuigeann Peadar go tobann gurbh é sin an fear seo a d'ionsaigh an Búrcach an lá úd fiche bliain roimhe sin. Nuair a smaoiníonn sé ar an gcailín óg ag fanacht lasmuigh, áfach, agus í ag tnúth lena grá a fheiceáil arís ar deireadh, beartaíonn Peadar ar gan faic a rá. Déanann sé a shaoirse phearsanta féin a íobairt ar mhaitheas le todhchaí na lánúine.