Dara Ó Conaola
Geandráma faoi ghadhar agus faoi chat. Tá athchóiriú á dhéanamh ar an teach agus tá pleananna ag chuile dhuine don spás nua. Tá bean a' tí, ach go háirithe, ag beartú ar stiúideo a bheith aici ar deireadh thiar. Le fada an lá bhí sé i gceist aici portráid d'ainmhí a dhéanamh agus tá an deis sin aici anois. Tá caint ar thaispeántas mór sa Dánlann Náisiúnta fiú. Tá gadhar agus cat ina gcónaí sa teach freisin agus tá an-spéis go deo acu féachaint cé a roghnódh sí mar ábhar na portráide. Tá siad beirt i gcoimhlint lena chéile bheith mór leis an ealaíontóir úd!
Drámaí don Aos Óg
Dráma Fada
2003
Produced by An Taibhdhearc
An Taibhdhearc
Scríobhadh an dráma seo le haghaidh comóradh 75 bliain na Taibhdheirce.
Fuarthas an t-eolas seo ón gclár don chéad léiriú agus ó bheith ag caint leis an údar féin.