Achoimre
Suite i seomra feithimh i stáisiún traenach, castar Pilib Mac Eoin, toicí saibhir, orainn. Tagann 'An Fear Eile' (coinsias Mhic Eoin) isteach agus tá cuma níos óige, níos deilbhe, níos loime air. Sa chomhrá eatarthu nochtann an t-ógánach go bhfuil sé ag smaoineamh ar lámh a chur ina bhás féin toisc an olc atá déanta aige ina shaol. Scaoileann Pilib é le gunna agus imíonn leis ar an traein, mar a gcuirfidh sé deireadh lena shaol féin.