Achoimre
Oíche Nollag in áras na seandaoine. A scéal féin ag chuile dhuine ann: Taimín Chualáin, ag fanacht ar litir óna mhac san Astráil, litir nach dtiocfaidh; Coilmín a' Bhreathnaigh, nach ndearna buille maitheasa ariamh ina shaol agus a d'ól gach a raibh aige; Sally, a bhfuil saol na bhfuíoll léi i gcónaí, más fíor di féin; agus Meaig Loideáin, curtha isteach san ionad in ainneoin a tola. Agus ní taise don dream atá ag tabhairt aire dóibh é: Máirín, an matrún, nár phós ariamh, ar chúis áirithe; agus Jackie, cailín óg atá ag tosú amach sa saol ach a bhfuil bambairne déanta ag an saol di.