Achoimre
Lá breá samhraidh atá ann agus tá seanfhear agus seanbhean, áitreabhaigh ospidéil an bheirt acu, ag suí sa ghairdín ag sú gréine. Níl aithne acu ar a chéile. Fad's atá an seanfhear ag cuardach a phíopa, tosaíonn an tseanbhean ag smaoineamh siar ar lá breá Bealtaine eile, blianta roimhe sin, an lá ar thit sí i ngrá don chéad uair riamh. Iarrann an seanfhear uirthi gan a bheith ag cur isteach air – ach cén bhaint a bhí aige fhéin leis an méid a thit amach an lá úd?