Achoimre
Scéal i dtaobh easpaig san ochtú haois déag a thugann gach rud beo atá aige uaidh chun cabhrú leis na boicht ina cheantar. Coimeádann sé greim áfach ar phéire coinnleoirí a fuair sé óna mháthair sular cailleadh í. Oíche amháin briseann fear isteach ina theach. Tá ar fear ar buile leis an saol agus leis an tsochaí mar gur caitheadh i bpríosún é go héagórach. Cuireann an t-easpag fáilte roimhe ach fós féin goideann an fear na coinnleoirí uaidh. Beireann na gardaí air agus tugann siad os comhair an easpaig é. Maitheann an t-easpag an feall dó agus bronnann sé na coinnleoirí air. Mar thoradh air sin cuireann an fear misneach sa saol arís.