Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn
Brian Ó Broin
Éire (2030).
Tháinig an léiriú seo ag deireadh an tséasúir nuadhrámaíochta a chuir An Taibhdhearc ar bun, séasúr inar léiríodh deich gcinn de dhrámaí nuascríofa Gaeilge.
Titeann imeachtaí an dráma amach sa bhliain 2030 in Éirinn, tír atá scoilte ag athbheochan náisiúnachais na hEorpa, ar thaobh amháin agus ag titim na heaglaise ag baile, ar an taobh eile. Cé go bhfuil iarthar na tíre i seilbh "Arm Sealadach na hÉireann" tá an t-oirthear i ngreim na Cónaidhme Eorpaí. Idir na limistéir seo tá ceantar dímhílithe. Oíche amháin i mbaile beag den cheantar ciúin, cnagann strainséar ar dhoras tí. Ní fada ina dhiaidh sin do bhuíon trúpaí Eorpacha teacht agus seilbh a ghlacadh ar an mbaile iomlán. Cén gníomh atá curtha i gcrích ag an strainséar? Cén fáth a mbeadh na hEorpaigh chomh spreagtha sin ina dhiaidh? An bhfaighidh sé tearmann sa bhaile seo?
Drámaí Ginearálta
Dráma Fada
3
6
10 June 2002
Produced by An Taibhdhearc
An Taibhdhearc
Léiriú trialach a bhí ann, le go ndéanfadh painéal faoi stiúir Dhiarmuid de Faoite é a mheas go criticiúil.
Not Found
Cuntas an Údair féin.
Irish Playography, Irish Theatre Institute, 17 Eustace Street, Temple Bar, Dublin 2 T +353 (0)1 670 4906 | E info@irishtheatreinstitute.ie W www.irishtheatreinstitute.ie (c) Irish Theatre Institute 2026