ALAN TITLEY
1947
-
Scoláire, colúnaí, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, staraí liteartha, craoltóir agus drámadóir é. Tá iliomad duaiseanna liteartha buaite aige. Léiríodh an dráma 'Tagann Godot'(1990) sa Phéacóg agus 'An Ghráin agus an Ghruaim' (1999) in Amharclann Samuel Beckett. Chomh maith leis sin chraol RTÉ agus an BBC drámaí raidió dá chuid.