PIARAS BÉASLAÍ
1881
- 1965
Rugadh i Learpholl Shasana é ach d'aistrigh sé go Baile Átha Cliath i 1905. Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus throid sé san Éirí Amach i 1916. Bhí sé ina bhainisteoir agus léiritheoir ar na hAisteoirí, compántas drámaíochta a bhunaigh craobhacha de chuid Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1912. Scríobh sé filíocht, leabhair fhaisnéise agus na drámaí seo a leanas: An Danar (1929), An Sgaothaire agus Cúig Drámaí Eile (1929); An Bhean Chródha (1931), Cúigeachas (1936), An Fear as Buenos Aires (1936), An Fear Fograidheachta (1938), Cormac na Coille (g.d.)agus Fear an Sgéilín Grinn (g.d)