BRENDAN BEHAN
1923
- 1964
Rugadh Brendan Behan nó Breandan Ó Beacháin i mBaile Átha Cliath. Chaith sé seal i bpríosún sa Bhorstal toisc a chuid gníomhaíochta san IRA. Tá rian na tréimhse sin le feiceáil ar a chuid oibre mar scríbhneoir. I measc na ndrámaí atá foilsithe aige tá The Quare Fella, a léiríodh den chéad uair in Amharclann an Phíce; Borstal Boy; An Giall agus The Hostage. Fuair sé bás mí an Mhárta 1964.