Playography is currently undergoing an essential rebuild, technical update and maintenance. All updates are on hold until the rebuild is complete. We are continuing to work hard in the background and are still accepting submissions which will be complete in Autumn 2023. For more information visit ITI's website.

DAOINE

SAMUEL BECKETT

1906 - 1989

Rugadh Samuel Beckett (1906 - 1989) i gCarraig an tSionnaigh, Baile Átha Cliath. Chaith sé an-chuid ama ag obair i gColáiste na Tríonóide. Is uaidh sin a ceapadh ina léachtóir i bPáras é. Is ansin a chaith sé an chuid is mó dá shaol, ag cumadh leis i mBéarla agus i bhFraincis. I measc na n-úrscéal a scríobh sé tá 'Murphy' (1938), 'Watt' (1942) agus an sraith 'Molloy', 'Malone Dies' agus 'The Unnameable' (1949). Scríobh agus léirigh sé míreanna teilifíse agus roinnt scannán, Film (1964), le Buster Keaton, agus dhá mhír gan chaint, Quad I agus II (1988). Bronnadh Duais Nobel Litríochta air i 1969. Fuair sé bás i bPáras, Mí na Nollag, 1989.