Playography is currently undergoing an essential rebuild, technical update and maintenance. All updates are on hold until the rebuild is complete. We are continuing to work hard in the background and are still accepting submissions which will be complete in Autumn 2023. For more information visit ITI's website.

Compántais

Aisteoirí Ghaoth Dobhair

FORBHREATHNÚ

  • Cur Síos

    Ba iad Eoghan Mac Giolla Bhríde agus deirfiúr leis, Áine Nic Giolla Bhríde, a bhunaigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair ag deireadh 1931 chun drámaí a chur chun cinn sna Rosann. An chéad léiriú a bhí ag an gcompántas ná 'I nAimsir an Mháirtínigh' bundráma nua le hEoghan Mac Giolla Bhríde, a cuireadh ar siúl sa Halla Paróiste sna Doirí Beaga, 10 Eanáir 1932. Chuireadh an gasra cúpla dráma - aistriúcháin den chuid is mó - ar siúl in aghaidh na bliana. Tar éis fheachtas mór poiblíochta, osclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair ar an 3 Meán Fómhair 1961 tráth ar stáitsigh Aisteoirí Ghaoth Dobhair 'Cor na Cinniúna' ann, dráma le hÁine Nic Giolla Bhríde. Is ins an earnáil amaitéarach atá an compántas ag feidhmiú sa lá atá inniu ann.

DRÁMAÍ NUA GAEILGE LÉIRITHE AG AISTEOIRÍ GHAOTH DOBHAIR

Teideal an Dráma Drámadóir
An Briob Seumus O'Kelly
Aistriúchán ar 'The Bribe' (1913). Ní luaiter cé d'aistrigh cé gur dóchúil gurbh é Tomás Mac Giolla Bhríde a rinne é.
An Fealltóir Eoghan Mac Giolla Bhríde
An Stráinséir Pádraig Ó Siochfhradha
An tAmhránaí Áine Nic Giolla Bhríde Aodh Ó Dubhgáin Pádraig Mac Piarais
Aistrithe ó 'The Singer'.
Cor Na Cinniúna Áine Nic Giolla Bhríde
Do Shoilsigh Solas sa Dorchadas Tomás Mac Giolla Bhríde
In Aimsir an Mháirtínigh Eoghan Mac Giolla Bhríde
Le Bánú an Lae Tomás Mac Giolla Bhríde
Oíche Fhéil' Mhíchíl Aodh Mac Dhubháin T.C. Murray
Aistriúchán ar 'Michaelmas Eve' (1932)
Pól Twyning Pádraig Ó hAirt George Shiels
Aistriúchán ar 'Paul Twyning'(1922). Níl d'eolas faoin údar againn ach an t-ainm cleite 'Pádraig Ó hAirt'.
Róisín Áine Nic Giolla Bhríde Aodh Ó Dubhgáin
Aistriúchán ar 'The Patsy' le Barry Connors.
Turlach Óg na dTuath Proinsias Ó Maonaigh