Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Ceisteanna Coitianta

Conas a dhéanaim dráma a chuardach?

Tá slite éagsúla ann chun dráma a chuardach. Moltar duit an fheidhm Cuardach Simplí a úsáid más eol duit teideal an dráma agus/nó ainm an údair. Bain úsáid as an gCuardach Casta má tá eolas níos mionsonraithe agat nó murar cuimhin leat an teideal nó an t-údar ach gurb eol duit an láthair agus an bhliain a céadléiríodh é nó an duine a léirigh. Ar leathanach na Leideanna Cuardaigh gheofar tuilleadh eolais faoi na feidhmeanna éagsúla cuardaigh.

Duine eile seachas an duine a scríobh an dráma atá á lorg agam, an féidir é sin a dhéanamh?

Is féidir an Cuardach Daoine a úsáid chuige sin. Ar PLAYOGRAPHYIreland gheobhaidh tú eolas ar cé na haisteoirí, na stiúrthóirí, na léiritheoirí, na bainisteoirí stáitse, na teicneoirí agus na daoine eile a d’oibrigh ar chéadléirithe de dhrámaí nua Éireannacha i mBéarla agus i nGaeilge araon. Sna laethanta seo tá próifíl ag mórchuid de na daoine sin ar shuíomh coimhdeachta na hInstitiúide www.irishtheatre.ie. Tá nasc chuige sin ar PLAYOGRAPHYIreland (féach an t-íocón le hais ainm an duine).

An bhfuil eolas ar fáil ar na cearta taibhithe i gcás na ndrámaí atá liostaithe?

Tá. Taispeántar cearta taibhithe i gcás mórchuid de na drámaí sa cholún ar dheis ar an leathanach ar a bhfuil an dráma liostaithe. Níorbh fhéidir eolas ar chearta a sholáthar maidir le gach dráma a liostaítear ach tá taighde ar siúl i gcónaí ar an gcuid sin den bhunachar sonraí. Má tá eolas agat ar an té a bhfuil na cearta taibhithe aige nó aici i gcás aon cheann de na drámaí atá liostaithe ba bhreá linn cloisteáil uait.

Ní bhfuair mé eolas ach ar léiriú amháin de dhráma cé gur léiríodh é go minic le caoga bliain anuas – cén fáth nach bhfuil sé sin sa bhunachar sonraí?

Catalóg is ea PLAYOGRAPHYIreland de na drámaí Éireannacha ar fad a léiríodh i mBéarla agus i nGaeilge ó 1904 agus ó 1901 faoi seach. Mar sin gheofar ann iontráil maidir le céadléiriú gach ceann de na drámaí nua sin ach ní bhfaighfear ceann maidir le haon léiriú ina dhiaidh sin. Ní bhfaighfear ach iontráil amháin i gcás gach dráma bunaidh cé go bhféadfadh breis is iontráil amháin a bheith ann i gcás drámaí a d’aistrigh nó a d’athchóirigh scríbhneoirí Éireannacha ina dhiaidh sin, cuir i gcás The House of Bernarda Alba a bhfuil ceithre iontráil ann i gcás ceathrar scríbhneoirí dhifriúla.

Tá eolas breise agam ar dhráma atá liostaithe in PLAYOGRAPHYIreland, céard a dhéanfaidh mé leis?

Seol chugainn é, le do thoil. Má tá bearna san eolas atá ar fáil, iarraimid ar úsáideoirí a bhfuil an t-eolas sin acu ríomhphost a sheoladh chuig admin@irishtheatreinstitute.ie Tá fonn ar leith orainn cloisteáil ó scríbhneoirí nó ó dhaoine eile nár aimsíomar go fóill, a bhfuil cearta taibhithe acu.

Ba mhaith liom eolas breise a fháil ar dhráma atá liostaithe, cad a dhéanfaidh mé?

Tá gach eolas atá bailithe ag Institiúid Téatair na hÉireann foilsithe ar shuíomh gréasáin PLAYOGRAPHYIreland. Iarraimid ort teagmháil a dhéanamh linn agus cuirtear fáilte roimh cheisteanna. Is féidir linn freastal ar iarratais áirithe ar eolas ach seans nach mbeimid in ann gach ceist a fhreagairt.

An bhfuil cartlann agat a d’fhéadfainn cuairt a thabhairt uirthi?

Níl aon chartlann fhisiceach ag Institiúid Téatair na hÉireann, ach is féidir linn tú a threorú chuig cartlanna eile ina bhfuil eolas ar dhrámaí agus ar scríbhneoirí drámaí Éireannacha. Is féidir ríomhphost a chur chugainn ag admin@irishtheatreinstitute.ie