Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Noda Cuardaigh

Ginearálta

  • Úsáid na réimsí ar an bhfoirm le do chuardach a chúngú.
  • Ní gá na réimsí ar fad a líonadh – líon isteach iad siúd a bhraitheann tú a bheith riachtanach do do chuardach.
  • Tugtar torthaí an chuardaigh san fhoirm Dráma-Údar nó Athchóiriú/Aistriúchán – Athchóiritheoir/Aistritheoir.
  • Mura bhfuil teideal iomlán an dráma, nó ainm iomlán an údair, an ionaid nó an chompántais ar eolas agat, cuir isteach an méid de atá ar eolas agat. Cuirfidh Playography na Gaeilge na drámaí ar fad leis an téacs seo ar fáil duit.

Méid na Foirne

  • Le teacht ar dhráma ina bhfuil 4 aisteoir, is féidir leat 4 a chur isteach sna réimsí ‘Idir’ agus ‘Agus’. Nó is féidir an réimse ‘Agus’ a fhágáil bán – glacfar leis go bhfuil drámaí le ceathrar aisteoir á lorg agat.
  • Má dhéanann tú cuardach le haghaidh drámaí ina bhfuil idir 4 agus 8 aisteoir, tabharfar liosta duit de dhrámaí le foirne de 4, 5, 6, 7 nó 8 duine iontu.
  • Is féidir scagadh níos grinne a dhéanamh trí chuardach a dhéanamh ar líon na n-aisteoirí fireann nó baineann más gá.

Nóta: Tá seans nach mbeadh na huimhreacha a chuireann tú isteach ag teacht leis na drámaí a aimsítear sa chuardach. Is iad na huimhreacha a thaispeántar ar leathanach eolais an dráma uasmhéid na foirne ach i gcásanna áirithe is féidir dúbláil a dhéanamh, ag tabhairt deis d’fhoireann níos lú an dráma a léiriú. Is gnáth nóta faoi seo a bheith ar fáil ar leathanach eolais an dráma.

Cineál dráma

  • Ligeann an réimse seo duit drámaí ar leith a aimsiú. Fág ‘Gach rogha’ mar atá chun gach aon dráma chuile a roghnú, is cuma cén cineál é.

Míreanna

  • Tugann sé seo deis duit drámaí a chuardach de réir méid na míreanna atá ann. Arís, fág ‘Gach rogha’ mar atá chun gach aon dráma chuile a roghnú.

Cuardaigh de réir téama

  • Tugann an réimse seo deis duit dráma a chuardach de réir téama. Chun cuardach a dhéanamh ar achoimre, ar shuíomh nó ar theideal dráma cuir isteach an t-eochairfhocal nó frása atá á lorg agat sa bhosca téacs a sholáthraítear. Nó is féidir rogha a bhaint as an liosta téamaí atá ar fáil sa bhosca anuas.

Nóta: Tá an t-eolas i PlayographyIRELAND curtha i láthair ar bhonn chomh neodrach agus chomh hoibiachtúil agus is féidir. Tabhair faoi deara go bhfuil na hinnill chuardaigh seo teoranta san úsáid gur féidir a bhaint astu ach go bhfuil tairbhe áirithe ag baint leo mar sin féin. Is cóir bheith aireach go dtagann suibiachtúlacht áirithe i gceist leo, áfach.

Scripteanna In-íoslódáilte & Scripteanna Foilsithe

Cuireann PlayographyIRELAND eolas i dtaobh scripteanna foilsithe ar fáil do na drámaí ar fad i Playography na Gaeilge, más ann dó. Sa réimse seo is féidir leat do chuardach a theorannú trí chliceáil sa bhosca ionas go n-aimseofar scripteanna in-íoslódáilte amháin, seachas scripteanna foilsithe.