Playography is currently undergoing an essential rebuild, technical update and maintenance. All updates are on hold until the rebuild is complete. We are continuing to work hard in the background and are still accepting submissions which will be complete in Autumn 2023. For more information visit ITI's website.

BEARTAS PRÍOBHÁIDE

Tá meas ag Institiúid Téatair na hÉireann ar do cheart chun príobháide. Is é beartas Institiúid Téatair na hÉireann meas a léiriú ar phríobháid ár gcustaiméirí agus an phríobháid sin a chosaint. Chuige sin ní nochtfaimid go toiliúil eolas mar gheall ar chustaiméir d'aon tríú páirtí gan cead an chustaiméara sin a bheith faighte roimh ré. Blacknight a sholáthraíonn an suíomh Gréasáin slán a bhfuil an freastalaí á óstáil air agus Relex a sholáthraíonn an áis Carr Siopadóireachta/Clárú Imeachtaí, rud a chiallaíonn gur féidir leat muinín iomlán a bheith agat as slándáil an chórais.

Ba cheart do chuairteoirí a thugann cuairt ar an suíomh gréasáin a bheith ar an eolas go bhfuil dhá leibhéal eolais a d'fhéadfaí a choimeád mar gheall ar do chuairt. An chéad leibhéal ná eolas staitistiúil agus eolas anailíseach a bhailítear ar bhonn comhiomlán i dtaobh gach brabhsálaí a úsáideann an suíomh, agus an dara leibhéal is ea eolas pearsanta nó sonrach a bhailítear i dtaobh cuairteoirí ar leith a thugann an t-eolas sin dúinn go toiliúil.

Bailítear an t-eolas staitistiúil agus anailíseach trí oibriú caighdeánach ár bhfreastalaithe idirlín agus ó logleabhair agus ó “fhianáin”. De ghnáth oibríonn fianáin trí uimhir ar leith a shannadh do gach cuairteoir. Ba cheart do chuairteoirí a bheith ar an eolas nach bhfuil smacht ag Institiúid Téatair na hÉireann ar úsáid fianán ná ar an úsáid a bhaineann tríú páirtithe, ar nós lucht fógraíochta nó páirtithe a óstálann sonraí thar ceann ITÉ, as an eolas a fhaightear uathu. Slí shimplí amháin ar féidir cosc a chur le fianáin ná dul chuig an áis a fhaightear ar fhormhór na mbrabhsálaithe gréasáin, a chumasaíonn don úsáideoir fianáin a ghlacadh nó a dhiúltú. Meabhraítear do chuairteoirí, áfach, go bhféadfadh fianáin áirithe a bheith riachtanach chun eolas a sholáthar do chustaiméirí ar shlí shaincheaptha.

Ar fud an tsuímh ghréasáin seo beidh deis agat eolas mar gheall ort féin a chur chugainn, más mian leat, ar na leathanaigh ‘Déan teagmháil linn’ agus in áiteanna eile mar ar féidir leat ríomhphoist a sheoladh chugainn, bróisiúr a lorg, dul isteach i gcomórtas nó freagra a thabhairt ar aon tionscnamh eile. Beidh roinnt eolais phearsanta á chur ar fáil agat dúinn má thoilíonn tú a bheith rannpháirteach in aon cheann díobh sin. Ní úsáidfidh Institiúid Téatair na hÉireann an t-eolas sin ach amháin:

(a) chun na críocha dár sholáthair tú é;

(b) chun críocha fíorúcháin agus anailís staitistiúil;

chun sonraí a sholáthar duit i dtaobh táirgí, seirbhísí, comórtais nó tionscnaimh arna soláthar nó arna n-eagrú ag Institiúid Téatair na hÉireann nó ag aon cheann dá chuideachtaí gaolmhara nó ag aon tríú pháirtí a roghnóimis agus ar dóigh linn go gcuirfeá spéis ann, ach amháin má thug tú le fios roimh ré nach mian leat an t-eolas sin a fháil.

Má chuireann tú sonraí cárta creidmheasa ar fáil dúinn, ní úsáidfear iad ach amháin chun clárú nó ceannach a chur i gcrích. Ní stóráiltear sonraí aon chárta creidmheasa ar an suíomh gréasáin nó ag Institiúid Téatair na hÉireann.