Achoimre
'Dá olcas í, againn ach í' - sin a chreideann an tSiúr Aloysius faoin Eaglais Chaitliceach go luath sa dráma seo. Is léir ón dráma féin, áfach, go ndiúltaíonn Biddy Jenkinson scun scan do bharúil na Siúrach Aloysius. Tugann Jenkinson ar ár súile nach aon Eaglais Chaitliceach amháin 'dá olcas í,'a bheas ann feasta, ach réim eaglaisí caitliceachta. Dár ndóigh tá eaglais thraidisiúnta chliarlathach an mhaorlathais fhirinn ann a bhfuil an Monsigneur Berger mar ionadaí aici anseo, ach dá chumhachtaí í samhlaítear sa dráma go bhfuil sí ar an dé deiridh - an tEaspag ar leaba a bháis, clochar na mban rialta leagtha chun slí a dhéanamh do mhachaire gailf, siúracha seanórtha, agus 'mná rialta a chodail sa reilig ó Fhuascailt na gCaitliceach i leith... curtha amach as a n-uaigh.'
Ach tá eaglais eile á beartú chomh maith, eaglais a mbeidh ról lárnach ag mná de shaghas Mhíde agus Aloysius inti. Eaglais radacach ar imeall na sochaí coimeádaí compordaí a bheas inti seo, ach eaglais fhorásach a mbeidh ar a cumas freastal ar chách agus fíor-Chríostaithe a dhéanamh de na daoine deireanacha a shilfeá a bheadh sásta a gcuid tuairimí ceartchreidmheacha a athrú. Agus sin é an dúshlán sa dráma seo. An féidir an Eaglais a shábháil? An fiú?