Achoimre
Tá páiste ar iarraidh i lár na coille duibhe agus níl teacht uirthi ag an éan, ag an bhfrog ná ag an gcaochán. Téann an t-athair ar thóir an pháiste chaillte ó thuaidh agus ó dheas, thar shléibhte is ghleannta, siar agus soir, trí ráithe na bliana ar fud fad na cruinne.