Achoimre
Tá Declan agus Carmel, deartháir agus deirfiúr, tagtha le chéile ar bhruach abhann chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheartháir leo a chaith é féin san abhainn, bliain roimhe sin. Is saghas searmanais atá ar bun acu, rud a bhfuil an mhistéir agus an draíocht ag baint leis. Ansin castar Fear na hAbhann orthu agus tagann siad i dtuiscint orthu féin agus ar shaol a ndearthár...