PÁDRAIG STANDÚN
1946
-
Rugadh Pádraig Standún sa bhliain 1946 i gCo. Mhaigh Eo. Sagart is ea é agus is minic an Eaglais ina théama aige. Tá úrscéalta go leor curtha i gcló aige, ina measc Stigmata (1995) agus Saoire (1997). Léirigh an Taibhdhearc leagan stáitse de Stigmata in 1996. Tá cnuasach filíochta, An Chéad Cló (q.d.), foilsithe aige freisin.