ÁINE NIC GIOLLA BHRÍDE
-
Bhunaigh Áine Nic Giolla Bhríde Aisteoirí Ghaoth Dobhair in éineacht lena deartháir Eoghan i 1931 le drámaí a chur ar siúl i nGaoth Dobhair. Bhí sí ina stiúrthóir leo go dtí na seascaidí agus scríobh sí drámaí agus aistriúcháin dóibh.