SEAN-SHEÁN / SEÁN SEOSAMH Ó CONCHUBHAIR
1877
- 1927
I gCo. Luimnigh a rugadh é. Múinteoir Gaeilge a bhí ann ar feadh tráth ama. D'fhoilsigh sé roinnt scéalta as Gaeilge agus cnuasach filíochta i mBéarla. Scríobh sé 'Boramha Laighin', dráma nár léiríodh go dtí tar éis a bháis i 1933. Cuireadh ceachtanna teanga dá chuid i gcló agus bhí siad ar na céad cheachtanna Gaeilge le craoladh ar an raidió.