AINDRIAS Ó GALLCHÓIR
1929
- 2011
Rugadh Aindrias Ó Gallchóir i nGaeltacht Dún na nGall. Bhí cáil ar Aindrias de bharr a chuid cláracha faisnéise don teilifís agus don raidió; ceapadh ina cheannaire é ar Raidió na Gaeltachta i 1972 agus chaith sé seal mar leas-ceannaire teilifíse RTÉ ó 1975 ar aghaidh. Bhuaigh Andrias Ó Gallchóir gradam Jacobs i 1966 leis an gclár faisnéise 'On Behalf of the Provisional Government'.