Playography is currently undergoing an essential rebuild, technical update and maintenance. All updates are on hold until the rebuild is complete. We are continuing to work hard in the background and are still accepting submissions which will be complete in Autumn 2023. For more information visit ITI's website.

DAOINE

JOE STEVE Ó NEACHTAIN

1942 -

Is scríbhneoir, aisteoir, drámadóir, agus craoltóir é Joe Steve Ó Neachtain. Léiríodh drámaí agus scripteanna leis ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ. Léiríodh a chuid drámaí stáitse den chéad uair sa Taibhdhearc. Bronnadh Gradam Jacobs ar a shaothar sraithdhrámaíochta Baile an Droichid, a chraoltaí ar Raidió na Gaeltachta ó 1985 go 1995. Bronnadh gradam litríochta Chló Iar-Chonnachta ar Clochmhóin i 1998 agus ainmníodh an saothar céanna do Dhuais Litríochta The Irish Times i 1999. Bronnadh gradam litríochta Chló Iar-Chonnachta arís air don úrscéal Lámh Láidir in 2002.