SEÁN Ó RIADA
1931
- 1971
Rugadh i Luimneach é. Chum sé fuaimrian do na scannáin 'Mise Éire' agus 'Saoirse'. Bhí sé ina stiúrthóir ceoil ar Amharclann na Mainistreach. agus bhí baint aige leis na hOícheanta Seanchais sa Damer. I 1960 scríobh sé an dráma, 'A Spailpín a Rún' a léiríodh sa Damer. Tá gearrscéalta agus dánta dá chuid foilsithe ar an iris Comhar. Rinne sé roinnt craoltóireachta agus bhí sé ina chomhairleoir agus léiritheoir ag Gael-Linn. Bhunaigh sé Ceoltóirí Chulainn in 1960.