Playography is currently undergoing an essential rebuild, technical update and maintenance. All updates are on hold until the rebuild is complete. We are continuing to work hard in the background and are still accepting submissions which will be complete in Autumn 2023. For more information visit ITI's website.

DAOINE

TOM SAILÍ Ó FLAITHEARTA

1940s -

Ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe a rugadh é. Bhunaigh sé Aisteoirí Locha Con Aodhaire a bhain cáil náisiúnta amach dóibh féin sna caogaidí. Bhí sé ina bhall d'aisteoirí an Damer sna seascaidí agus d'oibrigh sé ar scannáin agus ar theilifís chomh maith.