SIOBHÁN MCKENNA
1923
- 1986
Rugadh i mBéal Feirste Siobhán McKenna ach tógadh i Muimhneachán agus i nGaillimh í. Chuir sí tús lena saol aisteoireachta ar stáitse na Taibhdhearca i 1940. Tá cáil uirthi mar aisteoir in Amharclann na Mainistreach ach bhí sí páirteach i gcuid mhaith scannán agus ar an teilifís. Rinne sí athchóiriú ar Cúirt an Mheán Oíche don stáitse i 1984.