Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Compántais

Na Cluicheoirí

Forbhreathnú

  • Cur Síos

    Baill de Ardchraobh Chonradh na Gaeilge a bhí sna 'Cluicheoirí', a bunaíodh ag tús na fichiú haoise. Fógraíodh sa nuachtán 'An Claidheamh Soluis' in Aibreán 1913 go mbeadh 'an Irish Week-end at the Abbey' ann i mí na Bealtaine nuair a léireodh an buíon nua seo 'Bairbre Ruadh' agus 'Mac na Mná Deirce' in Amharclann na Mainistreach. Bhí siad ag iarraidh briseadh amach as na hallaí beaga agus an Ghaeilge a thabhairt i láthair na n-amharclann poiblí. Tháinig scaipeadh orthu tar éis Éirí Amach na Cásca 1916.