Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Compántais

Fíbín

Forbhreathnú

  • Cur Síos

    Tá Fíbín Teo. lonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Tá Fíbín ar cheann de na comhlachtaí drámaíochta is uaillmhianaí agus is gníomhaí sa tír i láthair na huaire. Tá breis agus 40 seó léirithe ag Fíbín ó cuireadh tús leis an gcomhlacht i 2003. Tá seónna Fíbín feicthe ag 200,000 duine gan an 100,000 a bhí ag T in the Park a chur san áireamh, áit a raibh Fíbín mar aíonna ag na Saw Doctors.

    Bhí bliain stairiúil ag Fíbín i 2013 agus an comhlacht deich mbliana ar an bhfód.  Bhí an-bhród ar Fíbín comhpháirtíocht a dhéanamh le hAmharclann na Mainistreach.  Ba é an dráma, Sétanta a stiúir Paul Mercier an chéad chomhpháirtíocht i nGaeilge lenár nAmharclann Náisiúnta le hos cionn 25 bliain. Thug Fíbín an coimisiún do Paul Mercier chun athchóiriú comhaimseartha a dhéanamh ar an sean-mhiotas.

    Bhí 2016 ar cheann de na blianta ba ghnóthaí i Fíbín agus níorbh aon eisceacht í 2017 ach oiread. D’éirigh  go hiontach le camchuairt Mac Piarais i bPictiúir anseo sa bhaile agus thar lear. Chonaic breis agus 3,500 duine an seó ó seoladh é. Scríobh agus stiúir Stephen Darcy Stair Wars mar chomóradh ar stair an stáit do dhaltaí ar chúrsaí sna Coláistí Gaeilge  i gConamara le linn an tsamhraidh agus é feicthe ag breis agus 5,000 duine óg ó gach cearn den tír. Dhíol camchuairt náisiúnta An Triail amach i nach mór gach ionad arís anuraith.  D’oibrigh Fíbín ar léiriúcháin nua Tóraíocht, a scríobh Philip Doherty agus a stiúir an t-aisteoir agus an stiúrthóir cáiliúil Mikel Murfi. Léiríodh Tóraíocht ar stáitse sa Dubhlann i nGaillimh i mí na Samhna 2016. Chuir Fíbín tús le 2017 le comhléiriú de Clann Lir le hÁras Inis Gluaire mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mórthimpeall na tíre. Tá Fíbín ag obair ar léiriú nua Pléasc faoi láthair a léireofar mar chuid d’ócáid chomórtha sa phobal an bhliain seo. Rachaidh Fíbín ar camchuairt leis An Triail san fhómhar. 

    Tá cáil ar aeistéiticí nuálacha agus ar leith Fíbín. Leagann stíl fhisiciúil Fíbín aon bhac teanga atá ann agus iad ag baint úsáid as tionchair éagsúla, ó phuipéadóireacht go mím chomh maith le maisc agus teicnící ilmheánacha. Tá aitheantas faighte ag Fíbín ón Irish Times/ESB National Theatre Awards, AIB Regional Arts Awards, Allianz Business to Arts Awards chomh maith leis an mBarr 50. Déanann Fíbín camchuairt náisiúnta uair amháin sa bhliain, ar a laghad. Tá drámaí léirithe ag Fíbín sa Bhreatain, san Eoraip, i Meiriceá, i gCeanada agus san Afraic go dáta. Tá Fíbín ar cheann de na comhlachtaí is mó i dtaobh camchuairteanna agus drámaí oideachasúla trí Ghaeilge a léiriú.

    Tapaíonn Fíbín gach deis chun cur le líon ár lucht féachana chomh maith le ceann de phríomhspriocanna Fíbín a bhaint amach ag an am céanna– Drámaíocht na Gaeilge a chur i mbéal an phobail agus a todhchaí a chinntiú.

  • Seoladh

    Na hAille,Indreabhán,Co. Galway

    Ríomhphost

    margaiochtfibin@gmail.com

    Suíomh Idirlín

    fibin.com

    Guthán

    +353(0)91 505 855

    Léiritheoir

    Ruth Gordon (1)

    Adrian Tyrell

    Riarthóir

    Amanda McDonagh

    Bainisteoir Margaíochta

    Caitlín Nic Dhonnacha

    Stiúrthóir Bainistíochta

    Micheál Ó Domhnaill

    Stiúrthóir Bainistíochta

    Darach Ó Tuairisg

New Irish Plays Produced By

Teideal an Dráma Drámadóir
Bodach an Chóta Lachna Brendan Murray
Mac Piarais i bPictiúir Dara McGee Harry McGee
Réiltí­n Paul Mercier
Sétanta Paul Mercier

Bunaithe ar an seanscéal Rúraíochta 'An Táin Bó Cuailgne'

Tóraíocht Philip Doherty