Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Téarmaí & Coinníolacha

Téarmaí agus Coinníollacha an Chonartha a Ghlacadh

Séard atá sa mhéid seo a leanas ná téarmaí agus na coinníollacha comhaontaithe dhlíthiúil idir tusa agus Institúid Téatair na hÉireann Teoranta (“Institúid Téatair na hÉireann”). Trí rochtain a fháil ar an suíomh seo, brabhsáil a dhéanamh, faisnéis a sholáthar lena háireamh ann agus/nó an suíomh seo (“Suíomh”) a úsáid ar shlí eile, aithníonn tusa go bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha seo léite, tuigthe agus comhaontaithe agat agus toilíonn tú go mbeidh siad ina gceangal ort agus go gcomhlíonfaidh tú gach dlí agus rialachán is infheidhme. Mura bhfuil tú ag comhaontú leis na téarmaí agus na coinníollacha seo, ná húsáid an Suíomh seo. Is í Institúid Téatair na hÉireann a rialaíonn agus a oibríonn an Suíomh seo as a chuid oifigí ag 17 Sráid Iústáis, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2, Éire. Níl aon áiteamh á dhéanamh ag Institúid Téatair na hÉireann go bhfuil Ábhair, bogearraí agus/nó saoráidí nó seirbhísí a thairgtear tríd an suíomh gréasáin seo cuí nó oiriúnach lena n-úsáid in Éirinn ná in aon áit eile ná go gcomhlíonann siad aon cheanglais dhlíthiúla nó rialála de chuid tír ar bith agus toirmisctear rochtain orthu as críocha ina bhféadfadh aon Ábhair den sórt sin nó a n-úsáid a bheith mídhleathach. Maidir le daoine a roghnaíonn rochtain a fháil ar an Suíomh seo as ionaid eile, déanann siad amhlaidh ar a dtionscnamh féin agus beidh siad freagrach as dlíthe áitiúla infheidhme a chomhlíonadh, a mhéid atá aon dlí áitiúil infheidhme.

Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha úsáide seo a rialú le dlíthe na hÉireann agus a fhorléiriú dá réir, agus comhaontaíonn tusa chun tairbhe Institúid Téatair na hÉireann, agus gan dochar do cheart Institúid Téatair na hÉireann imeachtaí a thionscnamh i ndáil leis na téarmaí agus na coinníollacha úsáide sin os comhair aon chúirte dlínse inniúla, gur ag cúirteanna na hÉireann a bheidh an dlínse eisiatach chun aon chaingean nó imeachtaí a eascróidh as na téarmaí agus na coinníollacha úsáide sin nó i ndáil leo a éisteacht agus a chinneadh, agus chun na gcríoch sin géilleann tusa go neamh-inchúlghairthe do dhlínse na gcúirteanna sin.

Cearta Maoine Intleachtúla

Is í Institúid Téatair na hÉireann, ceadúnóirí Institúid Téatair na hÉireann nó cruthaitheoir bunaidh na nÁbhar, de réir mar a bheidh, a theachtann na cearta uile san fhaisnéis, san obair ealaíne, sna léaráidí, sna dearaí, sa téacs, sna splancscáileáin, sna ceanntásca leathanaigh, sna grafaicí saincheaptha, sna deilbhíní cnaipe, sna Trádmharcanna, sna marcanna seirbhíse, sna hainmneacha agus sna lógónna trádála agus sna saothair liteartha, cheoil, ealaíne go léir, sna taifeadtaí fuaime, sna scannáin agus sna saothair agus sna hábhair eile atá ar, nó postáilte ar nó soláthraithe ar, an Suíomh seo (dá ngairtear anseo le chéile “na hÁbhair”). Tá na hÁbhair á gcosaint le dlíthe agus conarthaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le cóipcheart agus le cearta deartha, le cearta trádmhairc, cearta bunachair, cearta sui generis, cearta agus dlíthe maoine intleachtúla eile. Ach amháin mar atá ráite go sonrach anseo, ní ceadmhach aon cheann de na hÁbhair a chóipeáil, a atáirgeadh, a dháileadh, a athfhoilsiú, a íoslódáil, a thaispeáint, a phostáil ná a tharchur in aon fhoirm ná ar aon mhodh ar a n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, leictreonach, meicniúil, fótachóipeáil, taifeadadh nó ar shlí eile, gan cead scríofa roimh ré Institúid Téatair na hÉireann agus/nó i gcásanna go bhfuil aon Ábhar arna cheadúnú do Institúid Téatair na hÉireann nó arna atáirgeadh nó arna phostáil ar an Suíomh le cead cheadúnóirí Institúid Téatair na hÉireann nó úinéir na gceart gan cead scríofa an úinéara cirt chuí nó an cheadúnóra. Is ortsa a bheidh an fhreagracht aon chead agus gach cead a fháil agus ní mheasfar aon chead a bheith intuigthe faoi seo.

Tá ceadúnas teoranta á dheonú duit do d’úsáid phearsanta, neamhthráchtála, fhaisnéisiúil féin, agus don úsáid sin amháin, tagairt d’aon leathanach laistigh den suíomh gréasáin seo, é a leabharmharcáil nó marc airde a dhíriú air, agus na hÁbhair atá ar an suíomh gréasáin seo a íoslódáil chuig aon ríomhaire pearsanta amháin, agus aon chóip chrua amháin a chló amach de na hÁbhair atá ar an suíomh gréasáin seo mar áis tagartha phearsanta duit féin, ar choinníoll áfach go bhfágfar gach fógra cóipchirt, trádmharc agus fógra dílseánach sna hábhair agus ar an Suíomh seo slán. Tá deonú an cheadúnais theoranta seo coinníollach ar chomhaontú uaitse, agus comhlíonadh agat, leis na téarmaí agus na coinníollacha úsáide seo go léir agus le cibé téarmaí agus coinníollacha eile a leagfar amach go sonrach ar leathanaigh an tSuímh seo ar a n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, téarmaí agus coinníollacha maidir le híocaíocht as úsáid. Toirmisctear go daingean aon úsáid eile a bhaint as na hÁbhair ar an suíomh gréasáin seo, ar a n-áirítear aon chineál cóipeála nó atáirgthe (chun aon chríoch seachas na críocha a nótáiltear thuas), modhnú, dáileadh, athfhoilsiú, asbhaint, athúsáid, inchorprú nó lánpháirtiú le hÁbhair nó saothair eile nó athsheachadadh trí theicneolaíocht frámála a úsáid, gan cead scríofa roimh ré Institúid Téatair na hÉireann, agus is sárú é ar chearta dílseánacha Institúid Téatair na hÉireann.

Ina theannta sin, ní ceadmhach duit, gan cead Institúid Téatair na hÉireann, aon Ábhar atá ar an Suíomh seo ná ar aon fhriothálaí eile a scáthánú ná aon bhunachar a íoslódáil atá ar fáil ar an Suíomh seo mar fhoinsí faisnéise. Tá toirmeasc ort an dearadh nó an leagan amach ar an Suíomh seo nó eilimintí de a chóipeáil nó aithris a dhéanamh air go hiomlán nó go páirteach.

Foirceanntar an ceadúnas seo láithreach bonn má sháraíonn tú aon cheann de na téarmaí agus na coinníollacha seo. Ar fhoirceannadh, ní foláir duit aon Ábhair íoslódáilte nó clóite a scriosadh láithreach bonn. Féadfaidh sárú ar dhlíthe cóipchirt, dlíthe trádmhairc, dlíthe na príobháideachta agus na poiblíochta, agus rialacháin agus reachtanna cumarsáide a bheith i gceist má bhaintear aon úsáid neamhúdaraithe as aon Ábhair atá ar an Suíomh seo. Coimeádann Institúid Téatair na hÉireann agus/nó cruthaitheoir bunaidh an Ábhair (de réir mar a bheidh) gach ceart ar na hÁbhair agus na Bogearraí, gach teideal orthu, gach leas iontu agus gach ceart maoine intleachtúla ina leith. Ní dhéanfar aon ní sna téarmaí agus sna coinníollacha úsáide seo a fhorléiriú mar ní lena mbronntar, go hintuigthe, le hurchosc nó ar shlí eile, aon cheadúnas nó ceart faoi aon chóipcheart, paitinn, trádmharc, ceart bunachair, ceart sui generis, ná aon mhaoin intleachtúil ná leas dílseánach eile de chuid Institúid Téatair na hÉireann, a páirtithe cleamhnaithe ná aon tríú páirtí.

Ceadúnas Bogearraí Teoranta

Ma íoslódálann tú aon bhogearraí as an suíomh gréasáin seo, beidh na bogearraí, ar a n-áirítear aon íomhá nó comhad atá inchorpraithe sna bogearraí nó á nginiúint leo, agus aon sonraí atá ag gabháil leis na bogearraí (le chéile na “Bogearraí”) faoi réir an cheadúnais theoranta atá leagtha amach thuas. Ní ceadmhach duit na Bogearraí a dháileadh, a dhíol ná a tharchur, ná ní ceadmhach duit na Bogearraí a athrú, a mhodhnú ná a oiriúnú, ar a n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, na Bogearraí a aistriú, a dhíthiomsú, a dhíchóimeáil, ais-innealtóireacht a dhéanamh orthu nó saothair dhíorthacha a dhéanamh astu, nó na Bogearraí a laghdú go dtí aon fhoirm eile.

Trádmharcanna

Is Trádmharcanna cláraithe agus neamhchláraithe de chuid Institúid Téatair na hÉireann agus de chuid páirtithe eile iad na trádmharcanna, na marcanna seirbhíse agus na lógónna (na “Trádmharcanna”) a úsáidtear agus a thaispeántar ar an Suíomh seo. Ní ceart aon ní ar an Suíomh seo a fhorléiriú mar ní lena ndeonaítear go hintuigthe, le hurchosc nó ar shlí eile, aon cheadúnas nó ceart chun aon Trádmharc a úsáid a thaispeántar ar an Suíomh, gan cead scríofa úinéir an Trádmhairc. Déanann Institúid Téatair na hÉireann forfheidhmiú láidir ar a chearta maoine intleachtúla a mhéid is féidir in aon chor é le dlí. Ní ceadmhach na hainmneacha “Institúid Téatair na hÉireann”, “Irish Playography”, “Playography na Gaeilge/Irish Language Playography”, “Irish Theatre Online”, “Irish Theatre Artists” ná na lógónna a bhaineann leo a úsáid ar aon slí, ar a n-áirítear i bhfógraíocht ná i bpoiblíocht a bhaineann le dáileadh Ábhar ar an Suíomh seo, gan cead scríofa a fháil roimh ré.

Nascanna le Suímh Ghréasáin Tríú Páirtithe

Soláthraítear nascanna ar an suíomh seo le suímh ghréasáin tríú páirtithe, más ann, mar áis duitse agus mar sin amháin agus ní tarchur é na nascanna sin a bheith ann ná ní thugann sé le fios go bhfuil daingniú tacaíochta ann dóibh ná dá bhfuil iontu. Má úsáideann tú na nascanna sin, imeoidh tú as an Suíomh seo. Níl aon athbhreithniú déanta ag Institúid Téatair na hÉireann ar na suímh tríú páirtí sin go léir ná níl aon smacht ag an Institiúid orthu ná níl an Institiúid freagrach as na suímh sin ná as cruinneas ná iontaofacht aon fhaisnéise, sonraí, tuairimí, comhairle ná ráitis a dhéantar ar an suímh sin. Mar sin, ní dhéanann Institúid Téatair na hÉireann aon daingniú tacaíochta ná uiríll ina leith, ná i leith aon fhaisnéise, bogearraí ná táirgí ná Ábhar eile a gheofar iontu, ná ar aon torthaí a gheofaí as iad a úsáid. Má chinneann tú rochtain a fháil ar aon cheann de na suímh tríú páirtí atá nasctha leis an Suíomh seo, beidh tú á dhéanamh go hiomlán ar do phriacal féin. Ceadaítear nascanna hipirtéacs leis an suíomh gréasáin seo ag úsáidirí agus suímh ghréasáin eile ar choinníoll nach bhfuil sa nasc leis an suíomh gréasáin seo ach iontráil i liosta simplí de chuideachtaí atá dírithe ar leathanach baile Irish Playography http://www.irishplayography.com. Leis an gceadúnas teoranta sin, tugtar teidlíocht d’úsáidirí agus do shuímh ghréasáin eile nascadh le leathanach baile Irish Playography agus leis sin amháin, agus tá toirmeasc le nascadh le hábhar nó le faisnéis eile ar an suíomh gréasáin seo gan cead sainráite scríofa Institiúid Téatair na hÉireann.

Ábhar a Chur Isteach agus Ábhar Tríú Páirtí

Comhaontaíonn tú nach ndéanfaidh tú aon ábhar a chur isteach ar an Suíomh ar ábhar é atá (a) leabhlach, clúmhillteach, ar cur isteach ar phríobháideacht é, nó atá graosta, pornagrafach, maslach nó bagrach; (b) a sháraíonn nó a chuireann isteach ar chearta dlíthiúla aon duine nó ar chearta dlíthiúla aon eintitis ar a n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, cóipchearta, trádmharcanna nó paitinní; (c) a sháraíonn aon dlí; (d) a mholann aon ghníomhaíocht neamhdhleathach; nó (e) a dhéanann sireadh chun airgead a fháil le haghaidh aon eagraíochta nó a mholann ar shlí eile aon eagraíocht, earraí nó seirbhísí.

Is tusa amháin atá freagrach as aon Ábhair a chuireann tú isteach agus níl aon fhreagracht ar Institúid Téatair na hÉireann as aon cheann de na hÁbhair sin ar a n-áirítear iad a bheith dlíthiúil, a bheith ina n-ábhair bhunaidh, a bheith ina n-ábhair ar féidir brath orthu nó a bheith cuí. Tríd an ábhar agat a chur isteach, comhaontaíonn tú go mbeidh na téarmaí sin ina gceangal ort.

Téarmaí Úsáide don Suíomh – Athbhreithnithe agus Sáruithe

 

Forchoimeádann Institúid Téatair na hÉireann an ceart chun ábhar, cur i láthair, feidhmíocht, saoráidí úsáidire, agus rochtain ar, aon chuid den suíomh gréasáin seo a athrú dá lánrogha féin, ár a n-áirítear na téarmaí agus na coinníollacha úsáide seo, agus is ceart duit na téarmaí agus na coinníollacha úsáide seo a sheiceáil go rialta chun athruithe a fheiceáil. Tríd an Suíomh seo a úsáid, comhaontaíonn tú go mbeidh na hathbhreithnithe sin ina gceangal ort agus mar sin is ceart duit cuairt a thabhairt ó am go chéile ar an leathanach seo chun na Téarmaí Úsáide reatha an tráth sin don Suíomh a chinneadh ar téarmaí iad a bheidh ina gceangal ort. Is féidir d’fhógraí dlíthiúla arna sainiú go sainráite nó do théarmaí ar leathanaigh áirithe den Suíomh seo ionad forálacha áirithe de na Téarmaí Úsáide seo don Suíomh a ghlacadh.
I gcás go ndéanfaí aon sárú ar na rialacha agus na rialacháin seo, beidh an ceart ag Institúid Téatair na hÉireann gach leigheas a lorg le dlí agus i gcothromas leis na sáruithe sin. Tá feidhm ag na rialacha agus rialacháin seo maidir le gach cuairt a thugtar ar Shuíomh Institúid Téatair na hÉireann, anois agus sa todhchaí.

Séanadh agus Baránta

IS AR DO PHRIACAL FÉIN ATÁ AN ÚSÁID UILE A BHAINEANN TÚ AS AN SUÍOMH GRÉASÁIN SEO. GLACANN TUSA FREAGRACHT IOMLÁN AS, AGUS AS GACH PRIACAL CAILLTEANAIS A EASCRAÍONN AS, TUSA D’ÍOSLÓDÁIL AGUS/NÓ D’ÚSÁID ÁBHAR, BOGEARRAÍ, NÓ AON FHAISNÉIS EILE A FHAIGHEANN TÚ AS AN SUÍOMH GRÉASÁIN SEO A ÚSÁID, NÓ AS TAGAIRT DON CHÉANNA NÓ AS BRATH AR AN gCÉANNA.
SOLÁTHRAÍTEAR NA hÁBHAIR AR AN SUÍOMH SEO “MAR ATÁ” GAN BHARÁNTAIS DE SHAGHAS AR BITH, SAINRÁITE NÁ INTUIGTHE. A MHÉID IS FÉIDIR IN AON CHOR DE BHUN AN DLÍ IS INFHEIDHME, SÉANANN INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN GACH BARÁNTA, SAINRÁITE NÓ INTUIGTHE, AR A nÁIRÍTEAR, ACH GAN BHEITH TEORANTA DÓIBH, BARÁNTAÍ INTUIGTHE INDÍOLTACHTA, INNIÚLACHTA CHUN CRÍCHE ÁIRITHE, NEAMHSHÁRAITHE NÓ SÁRAITHE EILE AR CHEARTA NÓ AG EASCAIRT AS CÚRSA DÉILEÁLA, ÚSÁIDE, NÓ CLEACHTAS TRÁDÁLA. NÍ DHÉANANN INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN BARÁNTA NÁ NÍ DHÉANANN SÍ UIRÍLL I dTAOBH ÚSÁID, BAILÍOCHT, CRUINNEAS, NÁ IONTAOFACHT, NÁ TORTHAÍ ÚSÁIDE, NÁ AON NÍ AR SHLÍ EILE I LEITH, NA nÁBHAR AR AN SUÍOMH SEO NÁ AR AON SUÍMH ATÁ NASCTHA LEIS AN SUÍOMH SEO, GO mBEIDH NA FEIDHMEANNA SA LÁNAS GAN CHUR ISTEACH NÁ GAN EARRÁID, GO gCEARTÓFAR FABHTANNA, NÁ GO bhFUIL AN SUÍOMH GRÉASÁIN NÁ AN FRIOTHÁLAÍ / NA FRIOTHÁLAITHE LENA gCUIRTEAR AN SUÍOMH AR FÁIL SAOR Ó VÍORAIS NÁ Ó CHÓMHÍREANNA DÍOBHÁLACHA EILE. NÍ GHLACANN INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN LE DLITEANAS AR BITH AS AON IONFHABHTÚ LE VÍORAS RÍOMHAIRE, FABHT, PÉADÓIREACHT, ROCHTAIN NEAMHÚDARAITHE, IDIRGHABHÁIL, ATHRÚ ÚSÁIDE, CALAOIS, GADAÍOCHT, TEIP THEICNIÚIL, EARRÁID, NEAMHGHNÍOMH, CUR ISTEACH, DÍOTHÚ, LOCHT, MOILL, NÁ IMEACHT NÓ TEAGMHAS NACH bhFUIL NEART AG INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN AIR, A ÉILLÍONN NÓ A FHEARANN AR RIARADH, SLÁNDÁIL, CÓIR AGUS IONTAOFACHT NÓ STIÚRÚ CUÍ AON GHNÉ DEN SUÍOMH GRÉASÁIN SEO. BAINEANN PRIACAIL SA GHNÁTHCHÚRSA LE hÚSÁID AN IDIRLÍN AGUS AN LÍONRA DHOMHANDA. NÍL AON UIRÍLL, BARÁNTAÍ NÁ GEALLTANAIS Á nDÉANAMH AG INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN I dTAOBH AON CHEANN DE NA hÁBHAIR NÁ NA BOGEARRAÍ AR AN SUÍOMH GRÉASÁIN SEO, AR A nÁIRÍTEAR GAN TEORANNÚ, IAD A BHEITH I gCEART CRUINN, IONTAOFA, IOMLÁN NÓ INDÍOLTA, NÁ A BHEITH OIRIÚNACH CHUN AON CHRÍCHE ÁIRITHE; NÁ I dTAOBH LÁNAS AON SUÍMH GRÉASÁIN EILE NÁ AON FHAISNÉIS AR AON SUÍOMH GRÉASÁIN EILE DÁ dTAGRAÍTEAR NÓ A bhFAIGHTEAR ROCHTAIN AIR NÓ UIRTHI LE NASC HIPIRTÉACS TRÍD AN SUÍOMH GRÉASÁIN SEO NÓ A dTAGRAÍTEAR DON SUÍOMH GRÉASÁIN SEO UAIDH NÓ A bhFAIGHTEAR ROCHTAIN AR AN SUÍOMH GRÉASÁIN SEO UAIDH LE NASC HIPIRTÉACS (“SUÍOMH TRÍÚ PÁIRTÍ”).
NÍL FÍORDHEIMHNIÚ DÉANTA AR AON SLÍ AG INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN AR AON ÁBHAIR ATÁ ARNA SOLÁTHAR AG PÁIRTITHE SEACHAS INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN. FÉADFAR A CHEANGAL AR INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN TUAIRISCIÚ DO GHNÍOMHAIREACHTAÍ FORFHEIDHMITHE DLÍ AGUS COMHOIBRIÚ AR SHLÍ EILE LEIS NA GNÍOMHAIREACHTAÍ SIN NÓ ORDUITHE CÚIRTE A CHOMHLÍONADH LENA nIARRTAR AR INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN NÓ LENA dTREORAÍTEAR D’INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN CÉANNACHT AON DUINE A NOCHTADH A CHUIREANN ÁBHAIR ISTEACH A FHÉADFAIDH A BHEITH BAGRACH NÓ CLÚMHILLTEACH NÓ A SHÁRAÍONN AON DLÍ.
NÍ hIONANN AON FHAISNÉIS, ÁBHAIR NÓ NÍ DÁ bhFUIL AR AN SUÍOMH SEO A FHEICEÁIL NÁ TAGAIRT A DHÉANAMH DI, DÓIBH NÓ DÓ AGUS DAINGNIÚ TACAÍOCHTA SAINRÁITE NÁ INTUIGTHE AR AON TÁIRGE NÁ SEIRBHÍS A SHOLÁTHRAÍONN EINTITIS SEACHAS INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN.

Teorainn le Dliteanas agus Slánaíocht

GO FEADH AN MÉID IS MÓ A CHEADAÍTEAR LEIS AN DLÍ IS INFHEIDHME, NÍ BHEIDH INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN, A STIÚRTHÓIRÍ, A FOSTAITHE, A PÁIRTITHE CLEAMHNAITHE, A hIONADAITHE EILE, NÁ SOLÁTHRÓIRÍ SEIRBHÍSÍ TEILEACHUMARSÁIDE AGUS GRÉASÁIN D’INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN, FAOI DHLITEANAS AS AON DÍOBHÁIL DHÍREACH, NEAMHDHÍREACH, SPEISIALTA, TEAGMHASACH NÓ IARMHARTACH, AR A nÁIRÍTEAR, ACH GAN BHEITH TEORANTA DÓIBH, SONRAÍ A CHAILLIÚINT NÓ DÍOBHÁIL DO SHONRAÍ, BRABÚIS, IONCAM NÓ DEISEANNA CAILLTE, NÁ COSTAS ATHSHOLÁTHAIR EARRAÍ, A EASCRAÍONN AS NA hÁBHAIR AR AN SUÍOMH SEO A ÚSÁID NÓ AS NEAMHÁBALTACHT IAD A ÚSÁID, NÁ AS A BHEITH AG BRATH AR AN bhFAISNÉIS ATÁ ANN, FIÚ AMHÁIN MÁ TÁTHAR TAR ÉIS A CHUR IN IÚL D’INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN GO bhFÉADFADH DÍOBHÁLACHA DEN SÓRT SIN A BHEITH ANN NÓ GO RAIBH DÍOBHÁLACHA DEN SÓRT SIN NÓ CAILLTEANAS DEN SÓRT SIN INTUARTHA GO RÉASÚNACH. MÁS É AN TORADH ATÁ AR ÚSÁID ÁBHAR AS AN SUÍOMH SEO AGATSA NÁ GUR GÁ SEIRBHÍSIÚ, DEISIÚ NÓ CEARTÚ A DHÉANAMH AR THREALAMH NÓ AR SHONRAÍ, GLACANN TUSA, NÍ INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN, COSTAS IOMLÁN GACH SEIRBHÍSIÚ, DEISIÚ NÓ CEARTÚ IS GÁ. COMHAONTAÍONN TUSA INSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN, A hOIFIGIGH, A STIÚRTHÓIRÍ, A FOSTAITHE, A GNÍOMHAIRÍ, A DÁILITHEOIRÍ AGUS A PÁIRTITHE CLEAMHNAITHE A CHOSAINT, A SHLÁNÚ AGUS A CHOIMEÁD GAN URCHÓID AR GACH, AGUS AR AON, ÉILEAMH, DLITEANAIS, COSTAIS AGUS CAITEACHAIS (AR A nÁIRÍTEAR TÁILLÍ RÉASÚNACHA DLÍODÓIRÍ) TRÍÚ PÁIRTÍ AGUS IN AGHAIDH GACH ÉILIMH DEN SÓRT SIN A EASCRAÍONN AS, NÓ A BHAINEANN LE, ÚSÁID AN tSUÍMH SEO AGATSA NÓ AS SÁRÚ AGATSA AR AON CHEANN DE NA COMHAONTUITHE, UIRÍLL NÓ BARÁNTAIS ATÁ DÉANTA AGAT LE hINSTITIÚID TÉATAIR NA hÉIREANN.

Cosaint Sonraí agus Ráiteas Príobháideachta

Urramaíonn Institúid Téatair na hÉireann do cheart chun príobháideachta. Is é beartas urraim a thabhairt do phríobháideacht ár gCustaiméirí agus í a chosaint agus ní dhéanfaimid go deo d’aon ghnó faisnéis is féidir a aithint go pearsanta faoinár gCustaiméirí a nochtadh d’aon tríú páirtí gan cead an Chustaiméara sin a fháil roimh ré. Is ceart do chuairteoirí chun an tSuímh a bheith ar eolas go mbíonn, gach aon uair a thugann siad cuairt ar shuíomh gréasáin, dhá leibhéal ghinearálta faisnéise ann i dtaobh a gcuairte is féidir a choimeád. Ar an gcéad leibhéal, tá faisnéis staidrimh agus anailíse eile a bhailítear ar bhonn comhiomlán agus sonrach, ach nach mbaineann le duine sonraithe, faoi gach brabhsálaí a thugann cuairt ar an suíomh. Ar an dara leibhéal, tá faisnéis atá pearsanta nó sonrach ó thaobh cuairteora áirithe a roghnaíonn go feasach an fhaisnéis sin a sholáthar.

Is féidir an fhaisnéis agus na sonraí staidrimh agus anailíse seo a bhailiú trí ghnáthoibríocht na bhfriothálaithe agus na dtaifead Idirlín againn i dteannta “cookies”. Is gnách gurb é a dhéanann “cookies” ná uimhir uathúil a shannadh don chuairteoir. Is ceart do chuairteoirí a bheith ar an eolas nach féidir le Institúid Téatair na hÉireann rialú a dhéanamh ar úsáid “cookies” ná ar an bhfaisnéis a fhaightear astu ag tríú páirtithe ar nós fógróirí nó páirtithe a choimeádann sonraí le haghaidh Institúid Téatair na hÉireann. Bealach simplí chun úsáid “cookies” a chosc is ea an tsaoráid a fheidhmiú, atá ar fáil i bhformhór na mbrabhsálaithe, lena gcuirtear ar chumas an úsáidire “cookies” a dhiúltú nó a ghlacadh. Is ceart do chuairteoirí a thuiscint, áfach, go m’fhéidir go mbeadh gá le “cookies” áirithe d’fhonn gnéithe áirithe a sholáthar don chuairteoir – seachadadh saindeartha faisnéise, mar shampla.

Ar feadh an tsuímh gréasáin seo, b’fhéidir go mbeadh an deis agat faisnéis a chur chugainn a bhaineann leat trí na leathanaigh “déan teagmháil linn”, mar shampla, nó trí aon áit eile trína ndéanfá ríomhphoist a chur, bróisiúir a lorg, cur isteach ar choimhlintí nó freagra a thabhairt ar fheachtais chur chun cinn. As rogha a dhéanamh páirt a ghlacadh iontu sin, beidh tú ag soláthar faisnéis phearsanta áirithe dúinn a bhaineann leat. Ní úsáidfear an fhaisnéis sin ach amháin ag (a) chun na gcríoch ar chucu a sholáthair tú í; (b) chun críocha fíordheimhnithe agus anailíse staidrimh; (c) chun mionsonraí a sholáthar duit ar tháirgí, seirbhísí, coimhlintí, comórtais nó feachtais chur chun cinn a bheidh á soláthar nó á rith ag Institúid Téatair na hÉireann nó ag aon cheann dá chuideachtaí comhlachaithe nó ag aon tríú páirtí a roghnóimidne agus a gceapfaimis a mbeadh suim agat iontu, ach amháin go mbeidh tú tar éis a roghnú go sonrach ar shlí eile gan an fhaisnéis sin a fháil.

Ilghnéitheach

Ní mór aon tarscaoileadh ar aon fhoráil sna téarmaí agus sna coinníollacha seo a bheith i scríbhinn agus a bheith sínithe ag Institúid Téatair na hÉireann chun go mbeidh sé bailí. Maidir le haon tarscaoileadh ar aon fhoráil faoi seo, ní oibreoidh sé mar tharscaoileadh ar aon fhoráil eile, ná mar tharscaoileadh leanúnach ar an bhforáil chéanna sa todhchaí. Má chinneann aon chúirt dlínse inniúla go bhfuil aon cheann d’fhorálacha na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo ar neamhní nó neamh-infheidhmithe ar aon chúis, ansin ní fhearfaidh an fhoráil sin, go feadh chinneadh na cúirte, ar bhailíocht agus infheidhmitheacht na bhforálacha atá fágtha. Is iad na téarmaí agus na coinníollacha seo agus na téarmaí agus na coinníollacha atá ar leathanaigh an tSuímh an tuiscint iomlán agus an comhaontú iomlán idir tusa agus Institúid Téatair na hÉireann maidir le húsáid an tsuímh gréasáin seo, agus glacann siad ionad aon, agus gach, ráitis, tuisceana nó comhaontaithe roimhe seo, cibé ó bhéal nó i scríbhinn, agus ní dhéanfar iad a mhodhnú ach amháin ag Institúid Téatair na hÉireann de réir a fhorálacha seo agus/nó ag an dá pháirtí i scríbhinn.