Baile | Eolas | Déan Teagmháil Linn

An Chomhairle Ealaíon Playography In English

Foilseacháin

I mbunachar sonraí PLAYOGRAPHYIreland gheofar sonraí drámaí nua Éireannacha mar aon le hanailís ar ábhar na ndrámaí sin. Rinne ITÉ an taighde don tionscadal seo in imeacht deich mbliana (2001-2011) agus tá anailís dhomhain ar siúl anois ar thorthaí an taighde sin agus tús curtha le sraith Tuarascálacha ar Thorthaí a fhoilsiú. Go dtí seo tá trí cinn de Thuarascálacha ar Thorthaí ar fáil lena n-íoslódáil (dhá cheann díobh a bhaineann le Playography na Gaeilge agus atá dátheangach). Gheofar iontu saibhreas mór eolas staitistiúil i dtaobh drámaí Éireannacha i nGaeilge agus i mBéarla.