DAOINE

ÚNA BEAN UÍ DHIOSCA

1880 1958

Rugadh Elizabeth Rachel Leech i mBaile Átha Cliath ach chaith sí laethanta a hóige ar scoil i Neuchatel na hEilvéise, áit ar chuir sí sáreolas ar an bhFraincis. D’fhill sé ar Éirinn agus d’fhreastail ar Choláiste Alexandra agus deirtear gurbh í a thug ar údaráis na scoile an Ghaeilge a áireamh ar an gcuraclam. Phós sí Reginald McClintock Dix agus d’uchtaigh sí beirt dílleachtaí de mhuintir Vignoles (ar dhuine díobh an t-aisteoir Peter Dix). Bhí sí an-ghníomhach i ngluaiseacht an chomharchumann agus go háirithe i mBantracht na Tuaithe. Scríobh sí trí úrscéal agus an dráma Cruadhchás na mBaitsiléirí sna 1930í.

ATHCHÓIRITHE

Teideal an Dráma Drámadóir
Cruadhchás na mBaitsileirí Úna Bean Uí Dhiosca