DAOINE

DAITHÍ Ó HUAITHNE

1915 - 1981

Rugadh i mBaile Átha Cliath é. Duine de mhórscoláirí na Gaeilge a bhí ann. Bhí sé ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide, ina Ard-Ollamh in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus ina uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann. Ba dhuine de bhunaitheoirí 'Comhar' agus 'Cumann Merriman' é. Scríobh sé dráma, 'An Dealbh', le Sheila May ach den chuid is mó, is foilseacháin acadúla a shaothraigh sé. D'úsáid sé an t-ainm David Greene freisin.

CREIDIÚINTÍ: DRÁMADÓIR

Teideal an Dráma Drámadóir
An Dealbh Daithí Ó hUaithne